In Fact, Ah stop hovering

« Home | Looking for somewhere to stay in London? » | Cheltenham 2006 - Day 2 Tips » | Cheltenham 2006, Day 1 Tips » | Dublin can't handle this many drunk nerds » | Irish Blog Awards 2006 » | Recent Ear Candy » | How to avoid a Cheltenham 'mare » | Queenstown Tea Party » | Thirsty for attention » | GAA players have ban overturned » 

Wednesday, March 15, 2006 

Is Amhlaidh, Ah

Following Conn Ó Muíneacháin's plea at the recent blog awards for more posts trí gaeilge, and some female bloggers bemoaning the lack of women in the blogosphere, In Fact, Ah felt compelled to try and write a post 'as gaeilge' and introduce a girl to the male-dominated In Fact, Ah team at the same time.

So I present to you the newest blogadóir (??) to the Irish blogosphere - Shirley. She's not a native speaker, so go easy. Damned if I know what she's talking about ...

Ní Gaeilgeoir Mé

Tús maith, leath na h-oibre a deirtear. Farraoir, níl mé cinnte go bhfuil se sin fíor maidir le "Ní Gaeilgeoir Me", an chéad chlár reality TV atá deanta ag TG4. Tá "Ní Gaeilgeoir Mé" á chraoladh ag TG4 an tseachtain seo do Sheachtain na Gaeilge. Is é formaid an chlár ná ochtar pearsain aitheanta á gcur faoi ghlas i dteach mór i Béal Feirste ar feadh seachtain agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a líofacht Ghaeilge. Tá dualgais ag an phobal votaí a thabhairt don té atá ag deanamh an iarracht is fearr chun Ghaeilge a fhoghlaim, agus ar ndoigh, tá daoine caithe amach as an teach le linn na seachtaine.

Go gineralta, is brea liom sceideal TG4, agus bíonn mé ag tnúth go mor le h-aon chlár nua atá go h-iomlan as Gaeilge. Ní cainteoir dúchasach me, agus níl Gaeilge liofa agam; mar sin, bionn mé i gconaí ag breathnú ar TG4 chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge (agus cúnamh a fhail le mo chaighdean gramadach!). Roimh an chlár seo, cheap mé go mbainfidh mé taitneamh as -
ach tá a mhalairt ar fad tar eis tarlú. Ce go gcuireann mé faílte roimh aon chlár a mheallann daoine isteach chun breathnú air agus chun roinnt bheag Gaeilge a fhoghlaim, tá se an mi-chompórdach a bheith ag eisteacht leis an an láithreoir ag tabhairt comhgairdeachas do na hiomaitheoirí chuile am a deirtear rud chomh bunúsach le "X is ainm dom". In aimn Dé, caithfaimid go léir Gaeilge a fhoghlaim sa tír seo ar feadh tréimhse ceathar bhliain déag sa scoil - nach bhfuil muid in ann nios fearr a dheanamh ná sin?

De reir cosúileachta, níl scileanna ag an gnáth duine sa tír seo aon cumarsaid a dheanamh trí Gaeilge nach bhfuil ag baint leis na h-abairtí "An bhfuil cead agam dul amach go dti an leithris?" nó "Póg mo thoin". Ní thuigim cén fáth nach bhfuil fadhb ar bith ag daoine atá staidear déanta acu sa Fhrancais an teanga seo a labhairt nuair atá said ar laentha saoire sa Fhrainc, cé nach mbeadh ach cúig bliana Francais déanta acu sa scoil, ach ní bhionn focail ar bith Gaeilge fágtha ag daoine ón scoil cé go bhfuil RnaG, TG4 agus paipéirí nuachta éagsula ar fáil againn. Agus freisin, tá mé tinn tuirseach leis an leiscéal go raibh na muinteoiri scoile crosta agus gur thug siad droch-cáil ar Gaeilge. Tá leiscéal againn ar chuile rud, ach chun an fhirínne a ra, ceapaim gur muide atá ciontach mar tá muide leiscéal sa tír seo. Chuir an chlár seo in uil dom ce chomh leiscéal atá muid.

Ma tá TG4 ag iarraidh chlár reality TV a dhéanamh, bheadh siad níos fearr as chlár a dheanamh atá ar nos Big Brother (bheadh se costasach na ceartanna Big Brother a cheannach, ach is feidir le duine éigin formaid nua a chruthú leis an bunus cheanna - stranseiri atá ina gconai le cheile ar feadh treimhse fada gan teangmhail ar bith le duine ar bith eile). Bheadh air na hiomaitheoirí Gaeilge liofa a bheith acu. De réir suíomh idirlion Conradh na Gaeilge, tá nios mo na 86,000 daoine sa tír seo atá in ann Gaeilge a labhairt. Ní bheadh sé deachair deich daoine a fháil chun a bheith pairteach sa chlár mar sin. Da gcuirfeadh TG4 fotheideil ar an chlár, bheadh daoine in ann chuile rud a thuiscint agus focail nua a fhoghlaim.

B'fheidir go mbeadh daoine ag iarraidh Gaeilge a labhairt má fheiceann siad daoine ag úsaid Gaeilge chuile lá go nadurtha - ceapaim go gcuirfeadh sé náire ar duine ar bith bheith ag eisteacht le daoine ag labhairt Gaeilge liofa muna bhfuil tu fhéin ag deanamh iarracht an teanga a fhoghlaim. Dar liom, tá an chlár "Ní Gaeilgeoir Mé" ag taispeáint le daoine nach labhrainn Gaeilge go bhfuil siad ceart go leor, mar níl na daoine aitheanta ar an chlár in ann Gaeilge a labhairt ach an oiread. Tá an dearcadh seo againn sách fada anois, agus caithfidh TG4 bhealach eile a thrial tar eis an chlár seo.


Published by Colm.  

The Biscuit Tin Series

Biscuit Tin 1 - Fig Rolls
Biscuit Tin 2 - Fox's Classic
Biscuit Tin 3 - ToffyPops
Biscuit Tin 4 - Custard Creams
Biscuit Tin 5 - Cadbury's Chocolate Shortcakes
Biscuit Tin 6 - Fox's Millionaire's Caramel
Biscuit Tin 7 - Biscuit Maintenance
Biscuit Tin 8 - McVitie's Chocolate Hobnobs
Biscuit Tin 9 - Oat Crumbles
Biscuit Tin 10 - Jammie Dodgers
Biscuit Tin 11 - Xmas Special


Best Group Blog 2007

Links



Powered by Blogger
and Blogger Templates